Kenwood KHS-1 User Manual - Page 8
LÁmhleabhar Treoracha
View all Kenwood KHS-1 manuals
Add to My Manuals
Save this manual to your list of manuals |
Page 8 highlights
GLÉAS CINN/ MICREAFÓN CALLAIRE / MICREAFÓN FÁISCÍN LE CLUASÁN LÁMHLEABHAR TREORACHA RÉAMHCHÚRAIM Ní ceart an t-earra seo a úsáid ach le trasghlacadóirí KENWOOD agus leo sin amháin. Le taismí nó damáiste a chosc, seachain an n-úsáidfeá an t-earra seo le cineálacha eile transghlacadóirí. Mura láimhseofaí mar ba cheart é, b'fhéidir go dtiocfadh taismí dá bharr nó go ndéanfaí dochar don earra seo. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc seo. • Ná fág an callaire/micreafón gan cosaint ar feadh i bhfad ar sholas díreach na gréine agus ná cuir in aice le fearais téite é. • Ná lig don challaire/don mhicreafón titim; d'fhéadfadh tuairteanna móra damáiste a dhéanamh do na baill inmheánacha. • Ná cuir an iomarca struis ar chábla an challaire/an mhicreafóin ag tarraingt duit go ró-láidir air. • Coinnigh airde na fuaiime chomh híseal agus is féidir le do chumas éisteachta a chosaint. OIBRÍOCHTAÍ Suiteáil 1 Cas soláthar cumhachta an trasghlacadóra chun an tsuímh OFF. I gcás trasghlacadóirí lenar féidir airde na fuaime a oiriúnú, cuir an airde ar an leibhéal is lú sula gcasann tú soláthar cumhachta an trasghlacadóra chun an tsuímh OFF. 2 Cuir an phlocóid isteach i seaic an challaire/an mhicreafóin ar an trasghlacadóir. 3 Ceangail an micreafón agus an cluasán leis an suíomh a oireann dóibh. 4 Cas soláthar cumhachta an trasghlacadóra chun an tsuímh ON agus oiriúnaigh airde na fuaime. Tarchur 1 Brúigh an lasc PTT [brúigh le labhairt] agus labhair isteach sa mhicreafón. 2 Scaoil an lasc PTT le filleadh ar an mód glactha. © 2015 B5A-1080-00