Kenwood KAP-2 User Manual - Page 8
LÁmhleabhar Treoracha
View all Kenwood KAP-2 manuals
Add to My Manuals
Save this manual to your list of manuals |
Page 8 highlights
AONAD ROGHA LÁMHLEABHAR TREORACHA RÉAMHCHÚRAIM Ní ceart an t-earra seo a úsáid ach le trasghlacadóirí KENWOOD agus leo sin amháin. Le taismí nó damáiste a chosc, seachain an n-úsáidfeá an t-earra seo le cineálacha eile transghlacadóirí. Mura láimhseofaí mar ba cheart é, b'fhéidir go dtiocfadh taismí dá bharr nó go ndéanfaí dochar don earra seo. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc seo. • Ná fág an t-aonad gan cosaint ar an mbáisteach ná ar an taise; d'fhonn dó nó turraing leictreach a sheachaint. • Ná hoscail an t-aonad ar chúinse ar bith; d'fhonn turraing leictreach a sheachaint. • Ná fág an t-aonad gan cosaint ar feadh i bhfad ar sholas díreach na gréine agus ná cuir in aice le fearais téite é. • Ná cuir an t-aonad in áiteanna atá ródheannachúil agus/nó róthais, ná ar dhromchlaí corracha. • Ná bain leis an bplocóid chumhachta má tá do lámha fliuch, d'fhonn turraing leictreach a sheachaint. • Ná bain an cás de. Seachain an leagfá do lámh de thaisme ar aon bhall inmheánach ar eagla go bhfaighfeá turraing throm leictreach. • Má theagmhaíonn réad miotail, mar bhiorán gruaige nó snáthaid, leis an soicéad cumhachta ar an bpainéal cúil, d'fhéadfadh turraing chontúirteach leictreach teacht dá dheasca. • Coinnigh páistí óga amach ón aonad, ar eagla go ndéanfaí dochar dóibh. • Má bhraitheann tú boladh neamhghnách nó deatach ag teacht ón aonad, díscoir an chumhacht den aonad láithreach. Téigh i gcomhairle le do dhíoltóir KENWOOD. • Ná stop gaothaire aeir an tsoláthair leictreachais. SOLÁTHAR LEICTREACHAIS SD amháin • Bain an phlocóid den aosraon SA ag tarraingt duit ar an bplocóid féin agus ní ar an gcábla. • Cuir suíomh ar an gcábla SA ar bhealach nach seasfar air, nach dtruipeálfar air agus nach ndéanfar damáiste dó. • Ná plugáil an cábla SA ach isteach in asraon talmhaithe SA. © 2015 B5A-1083-00