Kenwood TS-590SG User Manual - Page 25
OibriÚchÁn BunÚsach
View all Kenwood TS-590SG manuals
Add to My Manuals
Save this manual to your list of manuals |
Page 25 highlights
OIBRIÚCHÁN BUNÚSACH AN CHUMHACHT A LASCADH ANN/AS 1 Lasc an soláthar cumhachta SA nó an PRÍOMHLÍONRA ANN. 2 Brúigh [ ] chun an trasghlacadóir a lascadh ANN. 3 Brúigh [ ] arís chun an trasghlacadóir a lascadh AS. 4 Lasc an soláthar SA nó an PRÍOMHLÍONRA AS. AN NEARTÚ AF A OIRIÚNÚ Cas deiseal an rialaitheoir [AF] chun an neartú AF a mhéadú agus tuathal chun é a laghdú. BANDA A ROGHNÚ Bruúigh [1.8] chomh fada le [50] nó [GENE] chun an banda atá uait a roghnú. MODH A ROGHNÚ Brúigh [LSB/USB] chun an modh LSB nó USB a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna LSB agus USB. Brúigh [CW/FSK] chun an modh CW nó FSK a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna CW agus FSK. Brúigh [FM/AM] chun an modh FM nó AM a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna FM agus AM. MINICÍOCHT A THIÚNADH Cas an rialaitheoir [Tiúnáil] chun minicíocht oibriúcháin a roghnú. ◆ B'fhéidir gurbh fhearr leat minicíocht a iontráil tríd an eochaircheap uimhriúil má tá an mhinicíocht atá uait an-fhada ón minicíocht láithreach. Brúigh [ENT], ansin brúigh na heochracha cuí. AN NEARTÚ RF A OIRIÚNÚ Cas deiseal an rialaitheoir [RF] chun an neartú RF a mhéadú agus tuathal chun é a laghdú. Ar dtús, féach cad é luach uachtair an S-mhéadair don chomhartha atá uait. Ansin, cas an rialaitheoir [RF] tuathal nó go sroicheann an S-mhéadar an luach uachtair a léigh tú. TARCHUR/GLACADH Le haghaidh cumarsáide gutha, brúigh agus coinnigh micreafón [PTT] agus labhair isteach sa mhicreafón go nádúrtha. Nuair atá bheidh réidh leis an labhairt, scaoil saor micreafón [PTT] le gur féidir glacadh. CUMHACHT AN TARCHUIR A ROGHNÚ 1 Brúigh [PWR]. 2 Cas an rialaitheoir [MULTI/CH] tuathal chun an chumhacht a laghdú nó deiseal chun í a mhéadú. An Ciorcad Múchta ("Squelch") a oiriúnú Cas an rialaitheoir [SQL] chun leibhéal an chiorcaid mhúchta ("squelch") a oiriúnú. Deiseal lena theannadh agus tuathal lena oscailt. MODH ROGHCHLÁIR Brúigh [MENU] le hiontráil sa mhodh Roghchláir. 3 < HF_BASIC_OP_AMR >