Kenwood TM-281 User Manual - Page 16

FÓgraÍ Don ÚsÁideoir, RÉamhchÚraim

Page 16 highlights

FÓGRAÍ DON ÚSÁIDEOIR Cóipchearta Dochtearraí Tá gach teideal ar na cóipchearta ar dhochtearraí atá lonnaithe i gcuimhní táirgí KENWOOD ar cosaint ar mhaithe le JVC KENWOOD Corporation. Faisnéis maidir le Diúscairt Seantrealaimh Leichtrigh agus Leictreonaigh agus Ceallra (bailí i dtíortha ina bhfuil córais bhailiúcháin dramhaíola réamhdheighilte i bhfeidhm) Ní féidir táirgí nó ceallra ar a bhfuil an tsamhail (araid rothaí chealaithe) a chur de láimh mar dhramhaíl tí. Níor mhór seantrealamh leictreach agus leictreonach a chur á athchúrsáil i saoráid atá oiriúnach dá leithéid agus dá gcuid fotháirgí dramhaíola. Glac comhairle le d'údarás áitiúil le faisnéis a chur faoin tsaoráid athcúrsála is gaire duit. Ach na táirgí seo a athchúrsáil nó a chur de láimh mar ba cheart, is fearr a chaomhnófar ár n-acmhainní agus is lú an dochar a dhéanfar dár sláinte agus don chomhshaol. RÉAMHCHÚRAIM Comhlíon na treoracha seo d'fhonn dóiteáin, gortú pearsanta nó damáiste don thrasghlacadóir a sheachaint. • Ná déan iarracht ag tiomáint duit ar an trasghlacadóir a chumrú; bheadh sé róchontúirteadh. • Ná bain as a chéile agus ná hathraigh an trasghlacadóir ar chúis ar bith. • Ná fág an trasghlacadóir gan cosaint ar feadh i bhfad ar sholas díreach na gréine ná in aice le fearais téite . • Má bhraitear boladh neamhghnách nó deatach ag teach ón trasghlacadóir , lasc cumhacht an trasghlacadóra as láithreach, agus glac comhairle le do dhéileálaí KENWOOD. • B'fhéidir go bhfuil sé in aghaidh dhlí an tráchta an trasghlacadóir a úsáid agus tú ag tiomáint. Deimhnigh an scéal seo agus géill do rialacha an tráchta i do cheantar. • Ná déan aon rogha seachas na roghanna a shonraíonn KENWOOD. • Ná fág an mála plaisteach inar pacáileadh an fearas seo in áit a bhféadfadh páiste beag lámh a leagan air. Féadfaidh plúchadh teacht dá dheasca má chloíonn an plaisteach go dlúth le haghaidh an pháiste. • Ná leag an trasghlacadóir ar dhromchla neamhsheasmhach. • Coinnigh airde na fuaiime chomh híseal agus is féidir le do chumas éisteachta a chosaint. • Lasc cumhacht an trasghlacadóra as i gcónaí roimh duit comhghabhálais roghnaitheacha a shuiteáil. RABHADH ◆◆ ATMAISFÉIR PHLÉASCACHA (GÁIS, DEANNACH, MÚCH, etc.) Lasc AS do thrasghlacadóir ag líonadh le breosla duit nó le linn duit a bheith parcáilte i stáisiúin seirbhíse. Ná bíodh breosla breise agat i mbúit do ghluaisteáin má tá do thrasghlacadóir suite sa bhúit agat. ◆◆ GORTÚ DE BHARR TARCHUIR AR MHINICÍOCHTAÍ RAIDIÓ Ná hoibrigh do thrasghlacadóir má tá duine ina sheasamh in aice leat nó ag tadhall leis an aeróg chun gach baol dóite agus gortaithe de dheasca minicíochtaí raidió a sheachaint. ◆◆ CAIPÍNÍ PLÉASCTHA DINIMÍTE Má oibrítear an trasghlacadóir i bhfoisceacht 150 m ó chaipíní pléasctha dinimíte, d'fhéadfaí iad seo a chur ag pléascadh. Cas AS do thrasghlacadóir le linn duit a bheith in áit a bhfuil pléascadh ar siúl nó fógraí "CAS AS RAIDIÓ DÉTHREO" ar crochadh. Má tá caipíní pléasctha leat i do ghluaisteán bí cinnte go bhfuil siad i mbosca miotail dúnta, é stuáilte taobh istigh. Ná déan tarchur le linn do na caipíní a bheith á gcur sa bhosca ná á mbaint amach as. FAINIC ◆◆ Ní oibríonn an trasghlacadóir ach i gcórais talmhaithe dhiúltaigh 12 V! Deimhnigh polaraíocht an cheallra roimh duit an trasghlacadóir a shuiteáil. ◆◆ Ná húsáid ach an cábla cumhachta SD a soláthraíodh nó cábla cumhachta SD KENWOOD eile. ◆◆ Ná gearr agus ná bain amach an coinneálaí fiúis atá ar an gcábla cumhachta SD. ◆◆ Ná cuir cábla an mhicreafóin timpeall do mhuineáil agus tú in aice le hinnealra a bhféadfadh an cábla dul i bhfostú ann. ◆◆ Ar mhaithe le sábháilteacht na bpaisinéirí, suiteáil an trasghlacadóir go daingean, ag úsáid an phláta feiste agus na scriúnna a soláthraíodh, ar chaoi nach dteilgfear amach an trasghlacadóir i gcás imbhuailte. 1 < MO_NOTICE >

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
  • 46
  • 47
  • 48
  • 49
  • 50
  • 51

< MO_NOTICE >
1
FÓGRAÍ DON ÚSÁIDEOIR
Cóipchearta Dochtearraí
Tá gach teideal ar na cóipchearta ar dhochtearraí atá lonnaithe i gcuimhní táirgí KENWOOD ar cosaint ar mhaithe le JVC KENWOOD
Corporation.
Faisnéis maidir le Diúscairt Seantrealaimh Leichtrigh agus Leictreonaigh agus Ceallra (bailí i dtíortha ina bhfuil córais
bhailiúcháin dramhaíola réamhdheighilte i bhfeidhm)
Ní féidir táirgí nó ceallra ar a bhfuil an tsamhail (araid rothaí chealaithe) a chur de láimh mar dhramhaíl tí.
Níor mhór seantrealamh leictreach agus leictreonach a chur á athchúrsáil i saoráid atá oiriúnach dá leithéid agus dá
gcuid fotháirgí dramhaíola.
Glac comhairle le d’údarás áitiúil le faisnéis a chur faoin tsaoráid athcúrsála is gaire duit.
Ach na táirgí seo a athchúrsáil nó a chur de láimh mar ba cheart, is fearr a chaomhnófar ár n-acmhainní agus is lú an
dochar a dhéanfar dár sláinte agus don chomhshaol.
RÉAMHCHÚRAIM
Comhlíon na treoracha seo d’fhonn dóiteáin, gortú pearsanta nó damáiste don thrasghlacadóir a sheachaint.
Ná déan iarracht ag tiomáint duit ar an trasghlacadóir a chumrú; bheadh sé róchontúirteadh.
Ná bain as a chéile agus ná hathraigh an trasghlacadóir ar chúis ar bith.
Ná fág an trasghlacadóir gan cosaint ar feadh i bhfad ar sholas díreach na gréine ná in aice le fearais téite .
Má bhraitear boladh neamhghnách nó deatach ag teach ón trasghlacadóir , lasc cumhacht an trasghlacadóra as láithreach, agus
glac comhairle le do dhéileálaí
KENWOOD
.
B’fhéidir go bhfuil sé in aghaidh dhlí an tráchta an trasghlacadóir a úsáid agus tú ag tiomáint. Deimhnigh an scéal seo agus géill do
rialacha an tráchta i do cheantar.
Ná déan aon rogha seachas na roghanna a shonraíonn
KENWOOD
.
Ná fág an mála plaisteach inar pacáileadh an fearas seo in áit a bhféadfadh páiste beag lámh a leagan air. Féadfaidh plúchadh teacht
dá dheasca má chloíonn an plaisteach go dlúth le haghaidh an pháiste.
Ná leag an trasghlacadóir ar dhromchla neamhsheasmhach.
Coinnigh airde na fuaiime chomh híseal agus is féidir le do chumas éisteachta a chosaint.
Lasc cumhacht an trasghlacadóra as i gcónaí roimh duit comhghabhálais roghnaitheacha a shuiteáil.
RABHADH
ATMAISFÉIR PHLÉASCACHA (GÁIS, DEANNACH, MÚCH, etc.)
Lasc AS do thrasghlacadóir ag líonadh le breosla duit nó le linn duit a bheith parcáilte i stáisiúin seirbhíse. Ná bíodh breosla breise
agat i mbúit do ghluaisteáin má tá do thrasghlacadóir suite sa bhúit agat.
GORTÚ DE BHARR TARCHUIR AR MHINICÍOCHTAÍ RAIDIÓ
Ná hoibrigh do thrasghlacadóir má tá duine ina sheasamh in aice leat nó ag tadhall leis an aeróg chun gach baol dóite agus
gortaithe de dheasca minicíochtaí raidió a sheachaint.
CAIPÍNÍ PLÉASCTHA DINIMÍTE
Má oibrítear an trasghlacadóir i bhfoisceacht 150 m ó chaipíní pléasctha dinimíte, d’fhéadfaí iad seo a chur ag pléascadh. Cas AS
do thrasghlacadóir le linn duit a bheith in áit a bhfuil pléascadh ar siúl nó fógraí “CAS AS RAIDIÓ DÉTHREO” ar crochadh. Má tá
caipíní pléasctha leat i do ghluaisteán bí cinnte go bhfuil siad i mbosca miotail dúnta, é stuáilte taobh istigh. Ná déan tarchur le linn
do na caipíní a bheith á gcur sa bhosca ná á mbaint amach as.
FAINIC
Ní oibríonn an trasghlacadóir ach i gcórais talmhaithe dhiúltaigh 12 V! Deimhnigh polaraíocht an cheallra roimh duit an
trasghlacadóir a shuiteáil.
Ná húsáid ach an cábla cumhachta SD a soláthraíodh nó cábla cumhachta SD
KENWOOD
eile.
Ná gearr agus ná bain amach an coinneálaí fiúis atá ar an gcábla cumhachta SD.
Ná cuir cábla an mhicreafóin timpeall do mhuineáil agus tú in aice le hinnealra a bhféadfadh an cábla dul i bhfostú ann.
Ar mhaithe le sábháilteacht na bpaisinéirí, suiteáil an trasghlacadóir go daingean, ag úsáid an phláta feiste agus na scriúnna a
soláthraíodh, ar chaoi nach dteilgfear amach an trasghlacadóir i gcás imbhuailte.