Kenwood TM-281 User Manual - Page 17
OibriÚchÁn BunÚsach
View all Kenwood TM-281 manuals
Add to My Manuals
Save this manual to your list of manuals |
Page 17 highlights
OIBRIÚCHÁN BUNÚSACH AN CHUMHACHT A LASCADH ANN/AS Brúigh [ ] chun an trasghlacadóir a lascadh ANN. Brúigh [ ] arís chun an trasghlacadóir a lascadh AS. AIRDE NA FUAIME A OIRIÚNÚ Rothlaigh rialaitheoir [VOL] an bhanda a roghnaigh tú deiseal chun an airde a mhéadú agus tuathal lena laghdú. BANDA A ROGHNÚ (an LEAGAN dhá bhanda) Brúigh an rialaitheoir [BAND SEL] clé chun Banda A a roghnú agus an rialaitheoir [BAND SEL] deas chun Banda B a roghnú. Banda Oibreacháin a Roghnú Brúigh an eochair ríomhchláraithe mar [Control] chun an banda oibriúcháin a lascadh idir A agus B. Banda Minicíochta a Roghnú Brúigh [F], [BAND SEL] chun banda minicíochta a athrú. AN MODH VFO A ROGHNÚ Brúigh an [VFO] chomh fada leis an modh VFO. MODH AN CHAINÉIL CHUIMHNE A ROGHNÚ Brúigh an [MR] chun modh an chainéil chuimhne. CAINÉAL MINICÍOCHTA NÓ CUIMHNE A ROGHNÚ Sa mhodh VFO duit, rothlaigh an rialaitheoir [Tiúnáil] (ENC) chun minicíocht oibriúcháin a roghnú. I modh an chainéil Chuimhne, rothlaigh an rialaitheoir [Tiúnáil] (ENC) chun cainéal cuimhne a roghnú. TARCHUR/GLACADH 1 Roghnaigh an mhinicíocht nó an cainéal cuimhne atá uait. 2 Roghnaigh an eochair ríomhchláraithe mar [Monatóir] féachaint an bhfuil an mhinicíocht saor. • Má tá an cainéal gafa, fan go mbeidh sé saor. 3 Brúigh an lasc PTT agus labhair isteach sa mhicreafón. Scaoil saor an lasc PTT chun glacadh. • Ar mhaithe le cáilíocht na fuaime ag an stáisiún glactha, coinnigh an micrafón idir 3 cm nó 4 cm ó do bhéal. An Ciorcad Múchta ("Squelch") a oiriúnú Rothlaigh an rialaitheoir [SQL] chun leibhéal an chiorcaid mhúchta ("squelch") a oiriúnú. Deiseal lena theannadh agus tuathal lena oscailt. AN CAINÉAL GLAOITE A ROGHNÚ Brúigh an [CALL] chomh fada leis an gcainél glaoite. 2 < MO_BASIC_OP_AMR >